#3 The Script

Is dóigh go bhfuil an fíric seo ar eolas ag gach uile dhuine na laethanta seo, go bhfuil ‘The Script’ “i measc cuid mhaith de na ceoltóirí is mó agus is taitneamhaí sa domhan.” Is iontach an rud é le haghaidh bána ceoil Éireannacha agus seo an tríú albam ‘#3’ buailte linn! Cuireann an bheathaisnéis atá le fáil ar líne in iúl dúinn go bhfuil an t-albam seo ag ceiliúradh “cumhacht an triúr” acu agus “go gcuireann sé ceol ar fáil don intinn, don chroí agus do na cosa.” Cinnte, go gcoinneoidh sé an ghné na cairteacha ag dul, cosúil leis an t-albam ó 2012 ‘Science & Faith’ agus ar ndóigh is léir nach raibh sé riamh chun dul i slí go hiomlán difriúla ná na cinn eile. Gan amhras, tá aithne againne ar ‘The Script’: iad siúd a chuireann R& B ar fáil dúinn ina bhfuil blaiseadh den rac-cheol bog le cloisteáil.

Tá sé lán de churfánna inár theastaíonn an canadh dúinne, go háirithe le fáil ón chéad amhráin ina n-osclaítear an t-albam ‘’Good Ol’ Days’, beidh sé foirfe le slua-amhránaíocht ag an chlub oíche. Cuireann sé thú ag machnamh, ag gol agus ag damhsa ag an am ceanna! Nach deas an radhairc é sin! Is bailchríoch iontach é don singil is fearr ann ‘Hall of Fame’ nuair a chloistear an t-amhránaí ‘Will.i.am.’ Cuireann siad tús iontach do thon na halbam seo atá go breá compordach d’aon am den lá ar an raidió. Tá amhráin mall in áireamh ón bpianó agus le tacaíocht ó na téaduirlisí don ár gcroíthe san amhrán ‘Six Degrees of Separation’ agus an ceann atá fíor phearsanta agus pianmhar ‘If You Could See Me Now’, a dhéanann tagairt do dheireadh caidrimh agus dá cailleadh tuismitheoirí. Idirlinn, téann an eitilt ardaitheach don amhrán ‘Broken Arrow’ i bhfeidhm go mór orainn mar seánra pop. Tá tionchar le feiceáil ó ‘The Police’ tríd an amhrán ‘Glowing’, chomh maith le U2 nó Madonna sa ‘Ray of light.’

Níl ‘The Script’ ag iarraidh teitheadh ó bhur dteimpléad féin san albam seo ach baineann sé le ciall mar oibríonn sé!

Intinn, croí agus cosa, tá ‘The Script’ fós ar an bhfód agus tá mé féin ag tnúth go #4!

http://http://www.youtube.com/watch?v=IfFFTWQ-oh4

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: