Go leor mí-shásamh faoin fheirm éisc is mó sa domhain i nGaillimh.

Foilsithe i nGaelscéal.
29 Eanair 2013
Gráinne Campion

Tá díospóireacht phoiblí maidir leis an togra mór feirmeoireachta éisc atá beartaithe ag an Bhord Iascaigh Mhara ná an BIM, amach ó chósta Inis Oírr a reáchtáil ag an gComhaontas Glas. Beidh an díospóireacht ar siúl in Amharclann Oileáin Ealtanaigh (Nun’s Island Theatre) i gCathair na Gaillimhe ag 8pm, Déardaoin 31ú Eanáir.
Beidh Eamon Ryan (an t-iar Aire Fuinnimh, Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha) mar chathaoirleach don díospóireacht.
I measc na gcainteoirí atá cinnte ag an bpointe seo beidh Méara Chontae na Gaillimhe, An Comh. Thomas Welby, Diarmuid Mulcahy (Ball den ’Irish Aquaculture Association’, Iar-chathaoirleach an ‘Irish Salmon Growers Association’), Urlabhraí ó na slatiascairí, Seamus Sheridan (Urlabhraí Talmhaíochta, Bia agus Mara an Chomhaontais Ghlais)agus Enda Connelly (Bialann an Fisherman’s Cottage, Inis Oírr).

Dar le Seamus Sheridan, “bhaineadh geit as dhaoine nuair a thóg siad faoi deara go bhfuil sé ceaptha a bheith gar don chósta, cheap dhaoine go raibh sé le bheith ar an thaobh eile de na hOileán Árainn agus tá an-imní orthu mar gheall ar sin.”

Tá an láthair seo ceapadh a bheith 1.7km ón chósta, mar sin de tá sé chun a bheith i bhfad níos faide siar na ná cinn traidisiúnta. Ceaptar go mbeidh sé an ceann is mó sa domhain ag 456 heicteár a bheidh roinnte idir dhá suíomh éagsúil. Deirtear go mbeidh an lorg carbóin ón fheirm éisc seo níos suntasach agus níos lú.
Dar le Pádraic Fogarty, an t-oifigeach Feachtais do Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann “nach bhfuil an ráiteas tionchair timpeallachta a chur an BIM amach inchreidte ó thaobh na héifeachtaí diúltacha atá bainteach leis na pleananna ollmhóra seo. Ta todhchaí na feirme éisc ar an talamh tirim, san áit inár féidir súil géar a choimeád ar na héifeachtaí diúltacha seo. Níl siad ag smaoineamh go fadtéarmach agus gan trácht ar an acmhainn nádúrtha atá beagnach laghdaithe cheann féin.”

I dtuairim urlabhraí an Chomhaontas Glas go bhfuil “buntáistí agus mí-bhuntáistí ag baint leis ach níl mórán eolais ag daoine ar an dhá thaobh de.” Dar leis go bhfuil “córas den chéad scoth acu thall san Alban mar tá na feirme éisc ar an talamh agus ciallaíonn é sin go bhfuil níos mo smacht acu air”.
Tá roinnte daoine buartha faoin todhchaí atá i ndán do dhobharshaothrú na tíre, tá imní orthu nach bhfuil an iomarca plé faoi na buncheisteanna atá níos leithne.
Tá fáilte roimh chách go dtí an chruinniú seo chun bhur dtuairimí a chur chun chinn agus a phlé, an Déardaoin seo an 31ú lá de mhí Eanáir ag a hocht a chlog in Amharclann Oileán Altanach ná ‘Nun’s Island Theatre.’

Foilsithe i nGaelscéal.
29 Eanair 2013
Gráinne Campion

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: